Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Devitt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 356

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 356

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 356
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí doras an tíge oscailte, agus chuaidh sí isteach ann. Ní raibh sa teach le feiceál aici acht sean-fhear agus sean-bhean agus bhíodar aosta. Níór labair aoinne léi acht do shuidh sí síos. Bhí teine mhaith, agus pota fataí bruighte i leath taobh den teallaig agus pota féoil ar an dtaobh eile. Ní raibh sí ibhfad ann go leag an tsean-bhean plataí anuas agus nuair a bhí itte aca do glan an tsean bhean an tigh. Ní raibh an teach ní ba leithne nó raibh an bórd ilár ar ar urláir go rabadar indon a ndruim bualadh ar an bfalla ar gach taobh, agus fé dheire d'éírig an tigh an mhór ar fad. Fé dheire d'ósgail an tseanbhean doras an tseómra, agus tháinig piobaire is fiche amach, agus a cuid phíopaí fé na asgal, agus cathaoir ag gach ceann aca. Annsan thósnuig an céol. D'éirig an tsean-bhean agus an tsean-fhear, a bhí san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge