Scoil: Coolroe, Tinahely

Suíomh:
An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin
Múinteoir:
Mrs Lush
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0922, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0922, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coolroe, Tinahely
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Tiarna Inis Eoghain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    224
    deagh-chumtha le prionnsa óg. Nuair a bhí an stócach seo i n-aois a chúig mbliadhan déag chinn sé an tsean-áit a fhágáil agus an t-Oileán úr a bhaint amach.
    Rinne sé amhlaidh agus fuair sé post maith thall ag obair i dteach dhuine uasail mhóir. Bhí inghean ag an duine uasal seo agus bhí sí ar an gcailiín ab' fhíor-dheise dá bhfaca suil duine riamh. Chomh luath agus chonnaic sí an stócach as Éirinn thuith sí i ngrádh leis agus níorbh fhada go raibh lámh is focal eadtora. Ach, nuair a chuala a h-athair faoi'n scéal ní raibh sé leath-shásta agus sé rud a rinne sé ná an stócach a chaitheamh isteach i bpríosún agus é daortha chun a chrochta. Ach, chuir mo bhuachaill an scéal amach go raibh a athair i n-a thighearna sa mbaile i n-Éirinn agus go raibh fuil righthe na h-Éireann i n-a chuisleacha féín ó thaobh na máthar.
    Chuir an duine uasal teachtaire go h-Éirinn go bhfeicfeadh sé an raibh sé ag innsint na fírinne. Tháínig an teachtaire go dtí bothán an athar agus cuireadh faradh na fáilte roimhe nuair a chuala an t-athair go raibh aithne aige ar a mhac thall. Thug sé isteach é agus chuir sé i n-a shuidhe ag an mbórd é agus an buicéad faoi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Gearóid Mac Laoghaise
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin
    Faisnéiseoir
    Áine Ní Ghillespie
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall