School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- Coolroe, Co. Wicklow
- Teacher: Mrs Lush
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coolroe, Tinahely
- XML Page 224
- XML “Tiarna Inis Eoghain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)224
deagh-chumtha le prionnsa óg. Nuair a bhí an stócach seo i n-aois a chúig mbliadhan déag chinn sé an tsean-áit a fhágáil agus an t-Oileán úr a bhaint amach.
Rinne sé amhlaidh agus fuair sé post maith thall ag obair i dteach dhuine uasail mhóir. Bhí inghean ag an duine uasal seo agus bhí sí ar an gcailiín ab' fhíor-dheise dá bhfaca suil duine riamh. Chomh luath agus chonnaic sí an stócach as Éirinn thuith sí i ngrádh leis agus níorbh fhada go raibh lámh is focal eadtora. Ach, nuair a chuala a h-athair faoi'n scéal ní raibh sé leath-shásta agus sé rud a rinne sé ná an stócach a chaitheamh isteach i bpríosún agus é daortha chun a chrochta. Ach, chuir mo bhuachaill an scéal amach go raibh a athair i n-a thighearna sa mbaile i n-Éirinn agus go raibh fuil righthe na h-Éireann i n-a chuisleacha féín ó thaobh na máthar.
Chuir an duine uasal teachtaire go h-Éirinn go bhfeicfeadh sé an raibh sé ag innsint na fírinne. Tháínig an teachtaire go dtí bothán an athar agus cuireadh faradh na fáilte roimhe nuair a chuala an t-athair go raibh aithne aige ar a mhac thall. Thug sé isteach é agus chuir sé i n-a shuidhe ag an mbórd é agus an buicéad faoi.(continues on next page)- Collector
- Gearóid Mac Laoghaise
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Coolroe, Co. Wicklow
- Informant
- Áine Ní Ghillespie
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal