School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- Coolroe, Co. Wicklow
- Teacher: Mrs Lush
![The Schools’ Collection, Volume 0922, Page 225](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0922%2FCBES_0922_225.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0922, Page 225
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coolroe, Tinahely
- XML Page 225
- XML “Tiarna Inis Eoghain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sé síos canna de phrátaí maithe tirme agus bhruith sé dhó iad. Thug sé crúiscín bláíthche dhó le n-ól agus nuair a bhí a sháith ithte agus ólta aige shuidheadar araon isteach chun na teine agus bhíodar ag seanachas tamall. D'innis an t-athair cúpla scéal dó agus níorbh' é a dhearmad gan amhrán nó dhó a cheóladh. Fé dheire d'éirigh an teachtaire agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé bheith ag baint an bhaile amach - D'fhág sé slán ag an athair agus ghabh buidheachas leis is ní dhearna sé stad ná comhnaidhe go raibh sé i dteach an duine uasail san Oileán úr.
" Bhuel" arsa an duine uasal, " bhfuill aon scéala leat nó cionnas d'éirigh leat i n-Éirinn le tighearna Inis Eoghain". "Bhuel," arsa an teachtaire, níor mhisde tighearna a thabhairt air mar níl a mhacsamhail le feiceál ar thalamh an domhain. Thug sé isteach i n-a bhruidhin féín mé agus bhí an mead sin d'fuinneógaibh ar an mbruidhin soiin go dtógfadh sé la is bliadhain ar deichneabhar fear le h-iad a chómhaireamh. Chuir sé i mo shuidhe ar chathaoir mé agus ní fhéaca tusa ná mise ná duine ar bith sa láthair seo a(continues on next page)- Collector
- Gearóid Mac Laoghaise
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Coolroe, Co. Wicklow
- Informant
- Áine Ní Ghillespie
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal