School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin
- Teacher: Mrs Lush
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coolroe, Tinahely
- XML Page 223
- XML “Tiarna Inis Eoghain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tighearna Inis Eoghain.Bhí fear ann tráth a bhí ina chómhnaidhe thíos i n- Inis Eoghain. Bhí sé chomh beo bocht leis an ndeór agus bhí sean-bhothán díbridhe aige mar áit chómhnaidhthe. Bhí na sean-scraitheanna a bhí i n-áirde ar cheann an tighe chomh pollta sin go dtiocfadh leat an spéar ghorm a fheiceál ós do chionnis cuma cé' n-áit a mbeitheá ag breathnúuait orthu. Bhéadh cúpla fóidín mónadh ar an dteallach i gcómhnaidhe aige, ach thógfadh sé an lá ort braonín uisce a théidheadh orthu. Bhí sean-bhosca a fuair sé i n-áit éigin mar bhord sa chúinne aige agus nuair a bhéadh sé ag ithe a choda bhéadh sean-bhuicéad faoi mar chathaoir. " Ag ithe" adubhairt mé ach, leis an fírinne a rádh níor ith an créatúr riamh ach prátaí agus gráinín salainn is níor ól sé riamh, ach, bláthach agus bhí a sliocht san air mar bhíodh togha na sláinte aige ó cheann ceann na bliadhna- níor fuair an fear iongantach seo ainm ar bith riamh, ach, "Tighearna Inis Eoghain".
Ach bhí mac ag an fhear seo agus bhí sé i n-a stócach leathan láidir, é sé troighthe ar airde agus é chomh dóigheamhail(continues on next page)- Collector
- Gearóid Mac Laoghaise
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Chúil Rua, Co. Chill Mhantáin
- Informant
- Áine Ní Ghillespie
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall