Scoil: Durrow

Suíomh:
Darú, Co. Uíbh Fhailí
Múinteoir:
P. Ó Coinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0804, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0804, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Durrow
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Scoileanna sa Cheantar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí tráth, in aice na scoile fé láthair, scoil. Tá fothrach an forgnimh ann fós. Innti a fuair an fear so a cuid oideachais. Tá tuairm 70 bliadhain ó bhí an sgoil ann. Bhí trí seomraí ar fad innti. I gceann acu bhíodh an gnáth teagasg ar siubhal - buachaillí móra ó na theastuigh fios agus faire.
    Sa tarna ceann bhíodh sgafairí móra daoine go raibh dúil sa léighinn acu agus a dhéanfadh foghluim a' los a suime innti. Ní fios do Phádruig - cé gurab í an scoil in a bhfuair sé teagasg - ní feasach do céard a bhí sa tríomhadh seomra. Le linn peannaidheachta leagtaí bord i lár urlair.
    Ó Ciardha (Carey) a b'ainm don oide agus duine crosta (?) fheargach é. Bhí, ortha, sa gheimhreadh, dhá fhód móna thabhairt ar scoil leo. Dá dtugadh duine acu cadhraín nó fód briste gheobhadh sé leadhb dá theangain ón gCiardhach.
    Tá meabhair mhaith ag Pádruig agus is cuimhin leis neithe do thárla 81 de bhliadhntaibh ó shoin - an bhliadhain 1857, nuair nach raibh d'aois aige ach a cheathar. Ba chuimhin leis lá curtha an Athar Uí Reachtarbhaigh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Muineog
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Darú, Co. Uíbh Fhailí