Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cnagadh ar dhoras Uí Cuinneagáin
Isteach le Dáibhidh. Clábar agus laitheach ó sháil rinn air, sgeoin in a dá shúil agus féachaint geilte ar fad air.
"Cá bhfuilim?" ar seisean
"In ár dtighne. I dtigh Uí Chuinneagáin" Do freagair duine.
Istigh - Cé'n tigh? ar seisean
"Tánn tú igceart, a Dháibhidh. Tá, a stóir!
Cad d'imthigh ort agus cad do shailigh thú? "
"Cad do shailigh mé? Ní fheadar. Bhíos ag rith is dóigh liom. Ach cé'n áit? Cé'n áit í seo?"
Ná deirim leat Tigh Uí Chuinneagáin.
Do bhfuar abheith leis.
"Téigh abhaile leis," arsa mo mháthair lem dhearbhráthair.
"Deamhan cos raghaidh sé leis," ar sise.
"Ná feiceann sibh nach bhfil sé igceart - nach bhfuil a chiall ná a c'onn aige."Ach in deireadh na dála chuaidh mo dhearbhráthair abhaile leis. Iar dteachta amach ar an mbóthar puiblidhe bhorruigh sé de gheit.
"Tuigim, anois", ar seisean in áit in a bhfuilim." Agus lean ar aghaidh- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ballycahan, Co. na hIarmhí