School: Baldwinstown
- Location:
- Baile Bhaldain, Co. Loch Garman
- Teacher: Ristéard Mac Plib
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baldwinstown
- XML Page 392
- XML “An Taibhse Mallaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheirt ba dheise dhá bfhaca riamh, Nóra agus Paidín. Ac mo lean! ba ghearr gur tháinigh an galar malluigthe san an [?] fliú ar an athair bhoct agus igcionn seachtmaine bhí sé ar shlíghe na firinnne. Ní túisge a chailleadh an fear bocht nó gur fuair an bhean an galar céadna agus igcíonn coigcise, bhí an bheirt aca ag tabhairt an fhéir - ar Dheis Dé go raibh a n-anamnaca!
Fágad Nóra agus Páidín - na creatúirí bochta neamh-urchóideacha fé chúramh mo Shean-Duine, Peadar Ó Seagda, de réir uct a n-athar, Bhéadh feirm a n-atar aca nuair a bheidís fásta suas. Ba thruaigmhéileach a gcás - na créatúirí bochta. Ní túisge a bhí a dtuisgmuigtóirí fé'n bhfód ná gur thóg mo dhuine - Peadar na páistí go Cobh, chuireadh ar bhord luing a bhí ag dul go 'Meircea iad agus a dtáisg ná a dtuairisg, níor chualadh ó shoin. D'fhill an sean-diabhal sin, choimeád sé feirm na bpáisdí dó féin agus bí sé ina shuide go te go dthí deire a shaogail.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Furlang
- Gender
- Female
- Informant
- Nioclás Breathnach
- Gender
- Male