Scoil: Caisleán Ó gConaing (B.) (uimhir rolla 9685)

Suíomh:
Caisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Donncha Ó Huallacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0523, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0523, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán Ó gConaing (B.)
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Ráite, Seanfhocail srl agus a n-Úsáid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is minic a thárluigheann do dhaoine, agus go leór ólta acu, go dtosnuighid ar argóint (no b'fhéidir ag troid) agus nách 'b'feadar' siad de thalamh a'domhain cad é an ráiméis is cúis leis an achrann go leir. Dá mbeitheá ag éisteacht leó ar feadh tamaillín, do thuigfeá nách bhfuil tón na ceann, bun ná bárr, lé na gcuid cainnte. Ba bhaoth an ghnó dhuit iarracht do déanamh ar shíothcáin do bhúanúghadh eadtortha - is baoghal gur ámlaidh a bheithfeá féin san imreas cómh maith leó.
    Ar ócáid áirighthe, tamall geárr ó shoin, bhíos ag éisteacht lé cuideachta mar siúd. Bíodh an chainnt ag síor-neartúghadh agus ag eiríghe no gur mheasas go mbeadh sé na dhearg-chaogadh eadtortha. "B'fheárr iarracht do dhéanamh as chosg do chur leó siúd," arsa mise le Seana-Mhuiris, a bhí na shuidhe go seasgair ar a shaimhín sógh do féin sa chúinne agus a dhúid fé lán t-seóil aige, agus
    (Authority Sean O'Sullivan Ballyferriter)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sean O' Sullivan
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí