Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile (uimhir rolla 16371)
- Suíomh:
- An Chreatalach Thiar, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Dáithí Mac an Bháird
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 010](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0485%2FCBES_0485_010.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 010
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dubhairt leis agus do scréach an rí air gan é do mharbhadh. “Táim agat,” ar seisean, “ach ní bhead imbáireach.”
Do chuaidh sé i bpoll imbáireach arís ach má chuaidh níor chuaidh sé amú ar an ndilleachtaidhe. “Téir anois,” ars an capall leis, “go dtí a a inghean (nó ingin) agus tá fáinne ar a méir. Sciob an fáinne di, agus bí chun é a chaitheamh ‘on teine nuair a scréachfaidh an rí agus annsan beidh do chóta bán deúnta.” D’imigh an silleachtaidhe agus do dhéin sé mar a dubhairt leis agus do scréach an rí air agus é do mharbhú. “Táim agat,” ar seisean, “agus is dócha go gcaithfead mo mhargadh do cómhlíonadh.”
“Tá go maith,” ars an dilleachtaidhe, “béad ag imtheacht anois mar nílim ‘rúnach do’d ingin fós ach tiocfad nuair a bhéad.”
D’imigh sé leis fé dhéin a chapall. Do chuaidh sé ar a mhuin agus chuir sé é mar a bhfuair sé é. Níor stad sé riamh ná coidhche gur bhain sé amach tigh a athar. D’inis sé an sceal do agus is ar a thar a bhí an t-eirghe croidhe mar do cheap sé go raibh deire aige leis. Annsan d’fhág beannacht acu agus d’imigh sé go dtí Cúirt an Rí. Posadh iad agus mhaireadar go lán (t)shásta ar san amach.Ó Eibhlís Ní Chatháin
D. Mac an Bháird do scríobh síos- Bailitheoir
- Daithí Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eibhlís Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 22