Scoil: Creathlach, Mainistir na Féile (uimhir rolla 16371)

Suíomh:
An Chreatalach Thiar, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Dáithí Mac an Bháird

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal - Éan an Cheoil Bhinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Scéal
Éan an Cheoil Bhinn

Bhí lánúin ann fadó agus do bhí aon mhac amháin acu. Ní raibh an mac ach cúpla blian d'aois nuair a fuair a mathair bás agus d'fhág san ina dhilleachta é ag brath ar a athair. Ní fada a bhí a mháthair caillte nuair a phós a athair thar n-ais. Tar éis tamaill, do bhí triúr mac ag an mnaoi. Do bhí saol an-chrua ag an ndílleachta ón leasmháthair agus do bhíodh air gach obair a bhain leis an tigh a dhéanamh. Aon lá amháin, do chuadar amach ag siúl agus an dílleachta lena gcois. Do dheineadar drochbheart agus nuair a thángadar isteach, do chuireadar an milleán ar an dílleachta. Bhí san go maith agus ní raibh go holc. Lá eile do mharaíodar cú agus dúradar gurb é an dílleachta do dhein é. Do bhí an-fhearg ar a athair chuige agus dúirt sé leis mura n-iompródh sé é féin go gcaithfeadh sé scarúint leis. Ní raibh ach an méid sin ráite ag a athair nuair a tháinig comharsa isteach agus dúirt sí lena athair gan

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Daithí Mac an Bháird
Inscne
fireann
Gairm bheatha
múinteoir
Faisnéiseoir
Eibhlís Ní Chatháin
Inscne
baineann
Aois
22
Teanga
Gaeilge