Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Brighid Béasach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do phósfainn-se Brighid Bhéasach
    Gan cóta, bróg na léíne
    A stóir mo chroidhe dá mbfhéídir liom sroisint duit
    Gan biadh gan deoch gan aon chuid
    Ar oileainín i Loch Éirne
    D'fhonn me a's tú bheith in éinfheacht
    Go n-eirgheoch' an lon

    Do ghruadh ar dath na gcaortha
    A chuacíin bhárr a' tsléibhe
    Do ghealltha ná dein bréagach éaluig roim an lá
    'S a inghean dil mo chléíbhe
    Do thógfainn tu mar chéíle
    Agus a Dhia nár dheas an scéal san
    Dá mbeimís pósta i ngrádh

    Dá bhfaghainn amach do thuairisc
    Dá mbeitheá ag bun cruache
    Raghadh an scéal ró-chruaidh orm
    Nú leanfainn tu a ghrádh
    A's go mbfhearr liom bheith sínte suas leat
    Agus gan fúinn ach fraoch a's luachair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Súsán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann