Scoil: An Pasáiste (B.) Corcaigh
- Suíomh:
- An Pasáiste, Co. Chorcaí
- Múinteoir: William Meiklejohn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Pasáiste (B.) Corcaigh
- XML Leathanach 013
- XML “Mac Teedy's Boreen nó Máire an tSlipéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bóithrín cuibheasach fada in aice na ceardtan i bPasáiste, agus deirtear go raibh a ainm in áirde mar geall ar phúca do bheith le feiscint ann tráth. Dá raibh. "Máire an tSlipéir" (Maire of the Slipper) a tugtaí uirthí. Deirtear go mbíodh bean agus saghas "shuffle" ar suibhal aice, le cloisint sa bhóithrín ó am go h-am, agus dá mbeireadh sí ar aoine gur cómhair a bháis a bhéadh ann. Bhí fear dá thórramh oidche igceann des na thightíbh a bhí in aice an bhóithrín. Tá an tigh ann fós agus comhnuightear ann. Bhí fear láidir tuaithe ag teacht chun an tórraimh, agus b'éigin dó dul tréin bhóithrín. Nuair a bhí sé cómhgarach leis an dtigh chualadh sé "Máire an tSlipéir" in a dhiadh sa bhóithrín. Théich sé le'n a anam, agus ar shroisint an tig dó, bhí doras an tíghe dúnta roimis, ach le neart scannraidh leag sé an dorus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eóin de Leastar
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann