Scoil: Inis Sionnach (Haulbowline) (uimhir rolla 3195)

Suíomh:
Inis Sionnach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gearóid Ó Hiarfhlatha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0386, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0386, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Sionnach (Haulbowline)
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Inis Sionnach - Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    I dtosach báire caithfidh mé a rádh gur deachair Béaloideas a bhailiú annso. Tá dhá chúis gur mór le rádh iad cuige sin. Siad so iad:-

    (I) Níor tháinig daoine cun comhnuithe ar an oileán go dtí tosac na naoú aoise deag nó mar sin. Bhí daoine ann roimhe sin ach saighdiúirí ó Shasana abeadh an cuid is mó acu. Ní raibh mórán acu san ann leis.

    (II) Daoine Imirceaca a bhíonn annso igcómhnuí. Níl aoinne thar cionn caogadh blian d'aois ar an oileán fé láthair a rugadh agus a tógadh annso agus fós níl ach aon fhear amháin a bhí in ann a innsint dom gur chaith a shean athair cuid dá shaoghal annso. Cun deimhniú ar an sgéal ar fad níor rugadh aoinne den bheirt acu annso.
    Tagann na daoine ar an oileán agus cuireann siad futha ann nuair abhíonn obair le deanamh annso, sé sin nuair a bhíonn droch fhuadar éigin fé "Sheán Mór". Annsan nuair a bhíonn deire leis an sgrios agus leis an gcreac, stadann an obair dar ndóigh agus imthighteann na daoine indiaidh a chéile.
    Ac pé cu olc, maith nó donaí an cnuasac beag atá deanta agam, caithfidh mé mo bhuidheacas ag gabháil le gac aoinne ar an oileán anois (1937) - Do chabhruig siad go léir liom - agus go mór(?) mór leis an Sagart an tAthair Mac Sheáin S.O., le Seán Uasal Mac Giolla Pádraig, Feadhmanac S.S. , Bord Oibreac Puiblí agus le h-Eamonn De Búrca Innealtóir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Inis Sionnach, Co. Chorcaí