Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)

Suíomh:
An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Leighin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 552

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 552

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glashaboy
  2. XML Leathanach 552
  3. XML “Ár dTiarna agus an Deargadaol”
  4. XML “An Damhan Alla agus Íosa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin bhí na h-iudaigh ar thóir Íosa. Bhí sé ag gabhail thar dhaoine a bhí ag cur arbhair i bpáirc. Dubhairt sé leó dá bhfiafruigheadh na saighdiuirí díobtha cathain ar ghabha sé thairis a rádh gur ghabh sé thairis nuair a bhíodar ag cur an t-síl.
    Lá'r na máireach bhí na fir airís ins an bpáirc ag baint an arbhair, mar d'fhás agus d'aibigh sé ar feadh na h-oidhche. Tháinic na h-iudaigh an t-slighe agus d'fhiafruighdear des na fearaibh an bhfeacadar Iosa ag gabhail na slíghe. Dubhairt na fir gur chuaidh sé an t-slighe nuair a bhíodar ag cur n t-síl. Tháinic iongnadh ar na h-iudaigh mar cheapadar gur chuaidh sé thairis le deidheanaighe. Bhíodar chun imtheacht ach chuir an Dearg Daol a ceann amach agus ar seisean, "Indé", "Indé". Ó shoin i leith is ainmhidhe malluighthe an dearg daol. Nuair a castar ceann ort ar an mbóthar is ceart é shathailt le cois agus a rádh: "mo sheacht bpeacaí ort a dearg daol mhór granna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lean Iosa ar aghaidh agus do chuaidh isteach i dtigh nach raibh aon áitreabhaigh ann agus do sheas sé i gcoirnéal dorca. Thainic an dubhán fhalla agus do shníomh sé sganán taobh amuigh dhe. Tháinic na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
          1. an Teaghlach Naofa (~429)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Leighinn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)