Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)

Suíomh:
An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Leighin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 531

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 531

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glashaboy
  2. XML Leathanach 531
  3. XML “Ropairí sa Comharsanacht - An Bricleac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (A) AN BRICLEAC
    É 'na chómhnuidhe i Leabaidh (?) ainm aite ar an dtaobh thuaidh de Pharóiste Carraig na bhFear. Rugadh é timcheall na bliana 1690. Tomás Ó Buachalla an t-ainm a bhí air. Leasainm do b'eadh an Bricleach.
    Lá amháín tháínic Mangaire mór dtimcheall na h-áite a's é ag díol tobac. Do chuaidh an Bricleac cuige ar lorg' luac pingne de thobac. Dubhairt an Mangaire go grod ná chiméad sé an tobac ac i gcóír a chuistiméírí. Ach duine a bhí sa Bhricleac nár luigh ró-mhór le béasgnaidheacht. Do shnap sé an tobac ó'n Mhangaire agus thug "an Sliabh air féín. D'áthruigh an gníomh san saoghal an Bhricligh. D'innis an Mangaire a sgéal do Thaoiseac na saighdiúrí. Ní rabhadar san ac ar lorg an leithsgéil chun gac Gaedheal do chéasadh, agus chuadar ar a thóír. Duine séímh cneasta do b'eadh an Bricleac in a óige ach anois nuair a chonnaic sé na saighdiúirí ar a thóír, a's fhios aige nac raibh ceart ná cotharom le fáil ag Caitiliceac, ní raibh an dara rud aige ac dul amac an mbóthar árd a's saoghal an "Highwayman" a chaiteamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Leighinn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)