Scoil: Baile Theas (B.), Malla (uimhir rolla 4953)
- Suíomh:
- An Baile Theas, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Hanluain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Theas (B.), Malla
- XML Leathanach 286
- XML “Caisleán Magner”
- XML “Béaloideas i dtaobh an Chaisleáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Magner anois bob a bhualadh ar a shean-námhaid agus é fhéin d'fhuascailt le gníomh amháin. Dá bhrígh sin nuair shrois sé Mágh Ealla thug sé an litir do'n oifigeach agus d'órduigh sé dhó é do bhreith go dtí Colonel Phaire i gCorcaigh. Caidé mar iongnadh abhí ar Phaire nuair léigh sé an litir mar bhí fhios aige gur duine macánta an t-oifigeach. Bhí an mínú le fágh bhail nuair chuir sé teachtaireacht go Cluan Meala. Bhí Magner ar a choimeádh annsin gur marbhuigheadh é i gcath Cnoc na n-Os a troideadh 1647, agus é ag troid in arm na nGaedheal. Coigistigheadh a maoin saoghalta go léir agus tugadh do dhuine ar ab'ainm dó Bretridge é. An t-Iarla Egmont a cheannuigh an caisleán agus an dúthaigh mór thimcheall air ó Bretridge. Tá an caisleán i seilbh muinntear Floinn i láthair na h-uaire.(Tá an chuid is mó de'n eolas atá thuas le fághbhail i Grove White's Journals on Local History)
- Fear gur ainm dó Christopher Langley a chómhnuigheann in aice leis an gcaisleán a d'innis an scéal seo dom. Feirmeoir meadhon-aosta circa 35 atá ann. Tógadh é agus chaith sé a shaoghal s'an áit 'na bhfuil sé anois i.é. Caisleán Magner, Mágh Ealla, Co Corcaighe. Dubhairt sé liom gur chuala sé an sceál nuair abhí sé 'na gharsún ó dhuine arabh ainm dó Eamonn 'Ua Donnchadha atá marbh le deich mbliadhain nú mar sin. Chuala sé an scéal dubhairt sé tímcheall 23 bliadhain(leanann ar an chéad leathanach eile)