Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 347

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 347

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 347
  3. XML “Peil agus Iománaíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San mbliadhain 1887 bhíodh peile dá imirt sa pharóiste seo i dtrí áit, sé sin go mbíod comhthalán gach Domhnac agus lá Saoirse ins na trí baill seo agus fir óga an cheanntair ag imirt peile ann. San am san bhí an G.A.A. ar siubhal ar fuaid na h-Éireann, agus riaghlaca leagtha amach acu cun peile agus iománuidheacht d'imirt. Cun dul isteach féin mbuidhean do chaithfead gach paróíste craobh den conartha so bheith acu, agus deich sgilinge sa mbliadhan a dhíol leis an árd craobh. Annsan do thógfad an t-árd craobh na craobhaca d'imreócad a gcoinnibh a chéile.
    San mbliadhain 1889 d'imir an craobh so, agus craobh Baile-na-gCroidhe báire i bpáirc le thais Magchromtha. Duine agus fiche bhí ar gach taobh. Ba mó an taithighe a bhí ag muintir Baile-na-gCroidhe ná buachaillí an bhaill seo ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Cill-na-Martra. Núair a tháinig an t-am cun tosnú do chaith an fear cirte an liathróid isteach, agus seo ar siubhal an báire go tapaid fiachmhar dian ó taobh taobh na páirce. Níor túisge soir an liathróid ná siar airís é. Do lean an imirt go dian ar fadh deich neomataí gan buadh ag aoinne seachus a chéile. Bhí an imirt anois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cathair Daithí, Co. Chorcaí