Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Sníomh”
  4. XML “Éadach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá atrughadh mór ar an eudac atá á caitheamh indiu seachas mar bhí dhá caitheamh seachtmhadh bliadhain ó shoin. Seo mar bhí sé an uair sin go h-áraighthe ar fuaid na tuaithe agus na sráid bailighthe beaga. Bhíodh caoire ag an bhfeirmeóir, do bhearrtaí iad i mí Bealtaine, núair a bhíodh an aimsir breágh. Sar a mbearrtaí iad do nightí iad san abhainn chun an olann do bheith glan. Annsan deintí é chárdáil sa bhaile, le cárdaí beaga, agus ar an gcuma san deintí rollaí beaga de. Bhíodh turn olna ins gach tigh. Deintí é sníomh annsan agus cuirtí an snáth go dtí an fígheadóir chun plainín a dhéanamh de. Deintí mórán baill éadaig ar an gcuma so - báiníní bhíodh ar an dtaobh istig de bheist, agus fó-bhríste bhíodh leis an gcroiceann. Deintí báiníní fairsing de leis, a bhíodh ar an dtaobh amuigh den cuid éadaigh agus cuiridís snaoidhm ar seo a coimeádadh timcheall an chuim é. Cun casóg, bhest agus bhríste a dhéanamh de cuirtí go muilion tucála é cun é reamhnú agus do dhathughadh. Dath crón-dubh is mó bhíodh ar an éadach san am san. Bféarr an chaitheamh bhíodh san éadach san am san ná mar tá fé láthair agus ní bhíodh puinn caillte leis seachas mar atá fé láthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    2. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cathair Daithí, Co. Chorcaí