Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tríd an díon tuighe nó seisc a cuirtí ar an sgraith. Seisc, fear fásann sa port is mo cuirtí mar díon ar na tighthe san am san. Bhí a ndóthain de seo ag fás sa phort, agus ní bhíodh puinn tuighe aca.
Nuair d’imthig an tighearna talmhain agus chuaidh an saol i bhfeabhas do dheineadar go léir tighthe nua, agus slinn an díon a cuireadh ortha. Ní laon tig cínn tuighe sa bhaile seo anois. San t-sean saoghal ní raibh aon bóthar tríd an bhaile seo ach póirse caol, ach tímpeall cúig bliadhna agus trí fichid deineadh saghas bóthair tríd, go deimhin níl ann ach saghas!
Tá abha ag gabháil ar an dtaobh theas den bhaile seo agus tá mórán breac innte, agus nuair bhíonn an aimsir cuige bhíonn iasgairí go leor ar bruach na h-abhann, go h-áirghthe gach Domhnach nuair ná bhíonn ortha bheith ag obair.- Bailitheoir
- Peig Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí