Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé mhíle taobh thíar de Sráid Maghchromtha tá tobar naomhtha. Isé aimn atá ar an dtobar "Tobar na bPían" nó "tobar Cillín". Do bhí seódh daoine ag teacht ag tabhairt turas ann fadó agus táid ag teacht fós - Dé h-Aoine agus Dé Domhnaig na laethannta chun na turais a dhéanamh ann.
D'aistrig an tobar ó áit amháin go h-áit eile le cúis éigin ach caitheann na daoine an turas a thabhairt mar a bhí ar dtúis agus atá anois.
Do bhí bean chun turais agus fice do thabhairt in dhiaidh a chéile. Aon tráthnóna amháin do bhí sí ag crudh na mbó nuair a chuimhnig sí ar an turas a thabhairt. D'fág sí na ba gan crudh agus d'imtig sí chun an turas a thabhairt. Síle Ní Shúilleabháin ab ainm di. Nuair a bhí an turas gheall leis criocnuighthe bhí sé idir ló agus oidhche.
Do chonaic sí rud ag teacht anuas chuiche mar a bheadh bean agus clóca mór síos go talamh léi agus pé sórt gearán a bhí uirthi d'imthig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí