Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 369

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 369
  3. XML “<span class="exact">Laethanta</span> <span class="exact">na</span> Seachtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus cuireann na daoine mórán síolta an san. Ní phósann aoinne ar an Luan ar an gCéadaoin ná ar an Aoine. Laethanta casta na bliadna a tugtar ar an gcéad agus ar an tríomhadh d'en bliadain agus deirtear nach cheart aon obair do tosnúgad na laethannta san.
    "Aistríughadh an Aoine ó thuaidh
    Aistríuighadh an Luan ó dheas
    Mura mbeadh agat ach caora is uan
    Ní eireócadh an chursa leat"
    Bí seana bhó riabhach ann fadó. Bhí an dá déug deirneach be'n Mhárta ana olc. Cheap an tseana dá mbeadh deire an Mharta tagaithe ná beadh aon baoghal uirthi. Táinig an deirneach de agus dúbhairt an bhó riabhach. "Slán leat a bhreimnig bhréin". Ach d'iarr an Márta cúpla ar iasacht ar an Aibreáin agus fuair sí iad. Tháinig na laethannta san go fliuch fuar gaothmhar agus do fuair an tseana bhó riabhach bas. Laethannta na riabhaithe a tugtar orta san agus is gnáth go mbíonn siad ana olc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí