Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 369
- XML “<span class="exact">Laethanta</span> <span class="exact">na</span> Seachtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cuireann na daoine mórán síolta an lá san. Ní phósann aoinne ar an Luan ar an gCéadaoin ná ar an Aoine. Laethanta casta na bliadna a tugtar ar an gcéad agus ar an tríomhadh lá d'en bliadain agus deirtear nach cheart aon obair do tosnúgad na laethannta san.
"Aistríughadh an Aoine ó thuaidh
Aistríuighadh an Luan ó dheas
Mura mbeadh agat ach caora is uan
Ní eireócadh an chursa leat"
Bí seana bhó riabhach ann fadó. Bhí an dá lá déug deirneach be'n Mhárta ana olc. Cheap an tseana bó dá mbeadh deire an Mharta tagaithe ná beadh aon baoghal uirthi. Táinig an lá deirneach de agus dúbhairt an bhó riabhach. "Slán leat a bhreimnig bhréin". Ach d'iarr an Márta cúpla lá ar iasacht ar an Aibreáin agus fuair sí iad. Tháinig na laethannta san go fliuch fuar gaothmhar agus do fuair an tseana bhó riabhach bas. Laethannta na bó riabhaithe a tugtar orta san agus is gnáth go mbíonn siad ana olc.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí