Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)

Suíomh:
Cill Briotáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “Aimsir an Ghorta”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Aimsir an Ghorta a bhí ann bhí an athair ag obair siar sa pháirc annsan nuair a tháining chuige bean agus corp a fir ar a drom aici.

    Míchéal De Búrc
    Baile na Chuinnge
    Cill Biortáin
    a d'innis dom an sgéal seo leanas:

    "Aimsir an ghorta abhí ann. Bhí m'athair ag obair siar sa pháirc annsin nuair a thainig chuige bean agus corp a fir ar a drom aici. Ní raibh éinne aici chun é d'adhlachadh; d'imthigheadh gach duine uaithe nuair a chídidís í ag teacht. Ghlac m'athair truagh uirthi. Thug sé abhaile leis í. Fuair sé sean doras agus cláracha eile; dhein sé comhrainn 'nar chuir sé an corp. Ghleás sé capall fé'n dtrucall agus thugadar an corp chun na reilige. Gan congnamh ó aeinne dhein sé féin an uaigh agus chuireadar an corp ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Faisnéiseoir
    Mícheál De Búrc
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Tí na Coinne, Co. Chorcaí