Scoil: Barrachadhbhile, An Sciobairín
- Suíomh:
- Barrach an Bhile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thosnuig sé ag ceapa rann agus é na bhuacail Sdábuidhe do béadh é. An uair sin ní úsáidtí capaill chómh flúirseach agus deintear anois. Do bheirtí ualaí troma ar guailnibh fear. Thugadh fir ualaí troma féir 7 arbhar cun na h-iothlann ar a ndrom leó 7 bheiridís amach (díabhain) díabháin aoilig cun na ngort mar leasú. Is minic a thug Míchéal díabhán aoilig ó'n maca amach 7 go dtug sé an ceann céadna lán thar n-ais arís-é ag machtnamh ar rud éigin eile ar amhrán b'fhéidir 7 ní cúimnigheadh sé ar an ualac a caitheamh de i ndeire cúrsa. Deir Peadar Ó h-Annracháin gur minich a bhí sé ag obair dá áthair 7 go mb'fhéidir ná labharfadh sé fiche fochal i gcatheamh an lae ao é ag dían-mhachtnamh. Ach bhíodh sé cainntreach go leór uaireannta, nuair a bhíod gasra mhaith ann 7 fonn éisteachta ortha. Nuair a bhí na bóithre seo dá ndheinamh aimsear an gorta, bhí Míceál Cormaich ag obair ortha. Bhí stíobhard ós cíonn na bfear-duine de Múinntir Dhonabháin, 7 nuair a bhíod an deinea --nó pé blúire bíd a bhíod acha - nuair a bhíodh sé caithte chuireadh na fir Mícheál ag sgeuluidheacht i dtreó a's go mbeadh sos beag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Siúliobháin
- Inscne
- Baineann