Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Cath Mhaigh Chromtha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    anois). B'iad na Loclannaigh agus na hÉireannaigh a bhí ag troid ann. Theastuigh ó Bhrian Borumha díoghaltas d'fhághail ar bhás a dhriotháir, Mathún, ar an té a mharbhuigh é - Donobhánach Chairbre. Fuair an Donobhánach cabhair ó chara leis agus bhí sluagh mór acu i gcóir an chatha. D'fhan Maolmhuaidh (taoiseach Lochlannach) ar an dtaobh theas de'n abhainn chun é féin do chosaint agus bhí Brian Borumha ar an dtaobh eile. Ar feadh trí lá do bhí an dá airm ag ollmhughadh comhgarach do Mhághchromtha agus annsan nuair fearadh an cath, bhí árd ár ann (sa mhéid gur tugadh Ath Tuargan - {Tuargan - conflict}) ar an ath ó shoin. Stríoc Maolmhuaidh siar i dtreo faithce an Chaisleáin mar a marbhuigheadh é (976). Deirtear gur cuireadh é sa Leaca Dubh annsan agus is léir ón ainm ná taithneann an ghrian riamh ar an áit. Tá rian an chatha san áit fó. Tá leacht mór ar thaobh Mhuisire mór agus ar aghaidh Mhuisire bheag amach agus deirtear gur chuir Brian Borumha ann é i gcuimhne a thruis andheas. In aice Áth Tuargan tá leacht eile - deirtear go raibh trí cinn ann - i gcuimhne an chatha; agus fós tímcheall fiche blian ó shoin fuarthas uaigh mór inaice an Átha. Tógadh ualaighe cnámha - cnámha daoine agus capall - ó'n áit agus seana-iarsmaí ornáideach. Deimhnigheann san go raibh an cath ann go h-áirithe.
    Ins an leabhar "Niamh" (leath 19) seo mar a dheineann an t-Athair Peadar Ua Laoghaire tagairt do'n chath úd. "Dheineadar eatora na Loclannaigh agus na hÉireannaigh ina raibh an t-eagla orra, Feall grána ar Máthún. Mharbhuigheadar éin áit ar a brugrí Bealach Leachta. Deir cuid de'n tseanachas gur inaice Mághchromdha atá an áit. Tá cloch chór i bhfuirm golláin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Thuathaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Maigh Chromtha, Co. Chorcaí