Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mágh Crum - b'é súid an tainm a bhí ar Mághcromtha in allód. Deirtear gurbh ainm ársa é agus gur ainmnigheadh é sul ar tógadh an baile féin. Uair éigin comhaimsir le tógadh an chaisleáin a bunuigheadh an baile. Mínigheann sé go gcialluigheann an focal Mághcromtha "Mágh Chrum - an cómhair ab' airde; Jupiter-[?] na seana [?]. Tugadh adhradh do'n Dia seo fé'n ainm "Crum Cruaghear" agus ceaptar gurbh' é an dia céadna a thug Zoroaster [?] dó. Nuair a chuir an Críostuideacht deire leis an bPágántacht, lean na bárd ar aghaidh - an dara órd a bhí ag sagairt fallsa na bpágánach agus choimeádar a gcuid [?]. Ar fadh i bhfad, b'é Mághchromtha an príomh áit cómhnuidhthe a bhí ag na draoithe in iarthar na Mumhan. Is ann a bhailigidís nuair a bhíodh cruinniughadh ar siúbhal acu.
---------------------------------------------
Deireann daoine eile go dtagann an t-ainm ó'n bhfochal 'maide-chrom - ós rud é go raibh dair [?] ag fás i n-áit an mhargadh. Ní dóigh liom gur fíor an [?] sin mar deirtear gur tógadh an caisleán agus an baile timceall na h-aoise céadna agus go raibh an t-ainm ann roimh an bhaile.
--------------------------------------------------
Dar le cuid des na seancuidhthe sa cheanntar. Bhí crann mór ag fás san áit sul ar tógadh an baile. Théigheadh lucht suibhal thar an áit le 'n agcuid ualach a bhíodh bailighthe acu ó iarthar an Chondae. Shuidhidís síos agus bídís cómh tuirse [?] ó na meadhachan ar a ndrom go glaodhaidís amach "Oc! Mo Dhrom" agus gur mar sin a bhfuairthas an t-aimn "MághChromtha- Bailitheoir
- An Sr Imelda le Muire
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamas Ua Niathain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Bheanáin, Co. Chorcaí