Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha (uimhir rolla 9243)

Suíomh:
An Leaca Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máiréad de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maidin Lae Bealtaine cuaidh fear darabh ainm Tadg Ó Murcadha ó Cill na Rómhánach agus beirt fear eile ó'n áith céadna go Castlemore a d'iarraidh aoil. Bhí sé ana luath ar maidin. In áit áirighthe ar an slighe tá dá sruthán ag bualadh um a chéile. Bhí alán crann ag fás ann agus connaic na fir bean istig imeasc na gcrann. Bhí tubán aici agus bata istig ins an tubán. Rith an bhean nuair connaic sí iad ag féachaint uirthi agus cuaidh na fir isteach agus thógadar an tubán agus an batha. Coimead Tadg Ó Murcadha é, agus chuir sé iad taobh thiar dé'n dorus ina thig féin. An mhaidin ina dhiaidh sin bhí an tubán lán d'ím, agus an maidin ina diaidh sin bhí sé lán d'ím. Cuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé an sgéal do. Dubhairt an sagart an batha a thógaint go dtí an kiln in Castlemore agus é do cur isteach ann. Dheineadar san agus tháinig an batha amach tríd an teine slán. Baineadh triail as an dara h-uair agus tháinig sé amach slán airís. Annsan thógadar é go dtí salth kiln I gCorcaig. Cuir san deire leis an mbatha agus níor tháinig aon ím san tubán indiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge