Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha (uimhir rolla 9243)
- Suíomh:
- An Leaca Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máiréad de Búrca
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 072](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0340%2FCBES_0340_072.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 072
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Beir go dtí an gadaidhe dubh amáireach é" arsa'n máighistir.
Do cheannuig an t-athair culaith éadaig do Seáinín agus dhein sé amach tig an ghadaidhe duibh "Dé beatha cughainn" arsa'n gadaidhe nuair a chonnaic sé é. "Go mairir slán" arsa fear an gheata "Cad a thug annso tú" ar seiseann "nó cad é do ghnó?" "Bheul a dhuine usail 'sé mo ghnó ná féucaint an dtógfá an garsún seo uaim 'na phríntíseach. "Déanfad agus fáilte" arsa'n gadaidhe "mar oireann sé go mór dom anois. "Níl ach coigcís dá aimsir gan bheith caithte ag an mbuachaill atá agam." "Faid saoghal agat" arsa fear an gheata "agus go bhfádaidh Dia tu." Do chas sé ar a sháil agus d'fág sé Seáinín in a dhiaidh. Nior chuir aon nídh dá bhfeaca sé in a dhiaidh sin aon iongnadh ar Seáinín.
Aon lá amháin i gcionn coigcíse dubhairt an gadaidhe leis an mbuacaill abhí aige go raibh a aimsir caithte agus ar seisean leis "táim ana bhuidheach diot mar bhí go maith agam" go raibh maith agat" arsa'n buacaill "agus táim ag dul abhaile indiu."
"Ó bhís comh maith agam" arsa'n gadaidhe, "agus go bhfuilim comh buidheach diot féadfair dul suas sa pháirc mar a bhfuil na caoire, agus pé caora is maith leat a bhreith abhaile cun t athar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Laocha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Amhráin, Co. Chorcaí