Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha (uimhir rolla 9243)
- Suíomh:
- An Leaca Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máiréad de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha
- XML Leathanach 048
- XML “Geit a Baineadh Asainn”
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In aimsir na nDubh Crónac cúlamar cnag ag an ndorus i lár na h-oidhche. Cheapamar gur duine de na saighdiuirí a bhí ann. Chuir mo athair an ceist cúpla úair cé 'abh é ann ach ní fúair sé aon freagra.
D'eirig sé agus fuair sé a ghunna agus chuaidh sé go dtí an dorus. Bhíomar go leir i n-ár suidhe um an dtaca sa. Nuair d'osgail mo athair an dorus cad a bhí ann ach gabhar agus é ag bualadh a adharc i gcoinnibh an doruis.- Bailitheoir
- Brigid Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Poll an Airgid, Co. Chorcaí
- Deineann na feirmeóirí ana stiúdéar ar chómharthaí na haimsire mar tá sé ana thábhachtach maidir le fás na mbarraí. Seo íad na rudaí a chuireann in úil dúinn an sórt aimsire atá ag teacht, an spéir, an ghrían, an bhogha ceatha agus alán rudaí eile. Nuair abhíonn fáinne timcheall na gealaighe agus nuair abhíonn scamaill trom ins an spéir annsan bíonn fhios ag na daoine go mbeidh fearthainn ann sar i bhfad.
Má théigheann an ghrían fé ins an domhan thiar ins an tráthnóna go breagh dearg annsan is féidir linn coinne a bheith againn le aimsir bhreagh. Nuair a bhíonn bhogha ceatha ins an spéir agus nuair a bhíonn na faoileáin ag eitilt anonn is anall annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)