Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “An Seirbhíseach Dílis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí Rígh ann uair agus do bhí aon mhac amháin aige. Do thárla gur buaileadh breoite an Rígh. Do bhí aon seirbhíseach amháin sa Rígh-Theaghlach agus do bhí sé ann leis na bliadhanta. Do bhí sé ann sar a rughadh an Rígh féin agus do bhí sé ana dhílis i gcómhnuidhe.
    Aon lá amháin do bhí an Rígh ag fagháil bháis agus do ghlaoidh sé ar an seirbhíseach. Seán ab' ainm do.
    Dubhairt an Rígh le Seán nuair a bheadh an mac fiche bliadhain d'aois é a thógaint timcheall an Rígh-Theaghlaig go léir agus gach aon áit a thaisbeáint do.
    Ach amháin aon seomra amháin 'na raibh pictúir Rígh-bhean áluinn agus gan é a thógaint isteach ansan in-aon-chor mar ná déanfadh sé aon tairbhe dó é sin a fheisgint.
    Dubhairt Seán leis go ndéanfadh sé é sin go léír.
    Nuair abhí an méid sin go léir ráidte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí