Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0335, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Dómhnall agus an Firín Beag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhuail an firín beag buille dá bhróig ar rúmpa a thóna ar Dhómhnall agus do chaith sé síos ar mhullach a chinn ar an mbórd é agus do bhí sé chómh mhór is abhí sé riamh nuair a thuit sé síos ar an mbórd.
    Do leath a shúile ag a raibh ag an bpósadh nuair a chonnacadar cad a thuit anuas chúcha agus do léimeadar go léir ó'n mbórd.
    Do léim Dómhnall anuas de'n bhórd agus d'innis sé an sgéal go léir dóibh agus nuair a airig an Sagart é sin do caith sé uaidh an scian agus an forc agus do phós sé iad ar an spota sar a dtiocfadh a thuille púcaí ag trial ortha.
    Do bhí rínnce mhór aca ansan ar feadh lá agus oidhche agus ansan do chuireadar a iacaibh ar Dhómhnaill fanamhaint ar chuaird acu agus do chaith Dómhnall seachtmhain breágh ansan go dtí go dtáinig sé go dtí tig an dhá chúpla déág.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí