Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh an breóiteacht ar anglaodhtaí an t-éagcruas uirthi ana coitchianta fadó. Bhíodh mná áirighthe ann ag dul timcheall ag tabhairt aire do daoine breoite. Ní bhíodh aon chúram eile ortha ach an obair sin agus dá bhfaghadh na daoine bás ansan do dheinidís caointe ó's a gcionn pe'cu fear nó bean cailín nó garsún a bheadh ann.
Ba cuma ciacu a mbláth a óige nú 'na shean-chríonna chaithe de'n corp, dhéanfaí an caoine ó's a chionn air ó'n neomat a leagfí amach ar an gclár é dé dó is d'oidhche go dtí go síntí síos sa cré é fé cheann trí lá is dá oidhche.
'Na ghreasaibh a deintí an gol nó an caoine timcheall deich neomat in gach greas aca agus bhérsaí caointe dá gabháil go h-uaigneach, ceolmhar leis an gcaoineadh ag na mná caointe.
Chomh luach is a thiocfadh aon duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí