School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí Rígh ann uair agus do bhí aon mhac amháin aige. Do thárla gur buaileadh breoite an Rígh. Do bhí aon seirbhíseach amháin sa Rígh-Theaghlach agus do bhí sé ann leis na bliadhanta. Do bhí sé ann sar a rughadh an Rígh féin agus do bhí sé ana dhílis i gcómhnuidhe.
Aon lá amháin do bhí an Rígh ag fagháil bháis agus do ghlaoidh sé ar an seirbhíseach. Seán ab' ainm do.
Dubhairt an Rígh le Seán nuair a bheadh an mac fiche bliadhain d'aois é a thógaint timcheall an Rígh-Theaghlaig go léir agus gach aon áit a thaisbeáint do.
Ach amháin aon seomra amháin 'na raibh pictúir Rígh-bhean áluinn agus gan é a thógaint isteach ansan in-aon-chor mar ná déanfadh sé aon tairbhe dó é sin a fheisgint.
Dubhairt Seán leis go ndéanfadh sé é sin go léír.
Nuair abhí an méid sin go léir ráidte(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork