Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt sí leí féin dá mbeadh sí ag bailiúghadh cipíní gach aon lá ná bfanfhadh sí amuigh chómh déanach aon lá eile.
An oidhce sin do tháinig Siobhán abhaile agus d'fhan an triúr acu in-aice na teine ag caint an oidhche sin ar fad.
Tímpeall a dó dheug a chlog nó mar sin do tháinig fothram éigin go dtí an doras agus do bhí eagla ortha an doras d'osgailt.
Fé dheire d'eirig an Máthair agus d'osgail sí an doras agus ché bhí ann ach an fear mór a chuir an t-eagla uirthe an tráthnóna san. Do shiúbhal sé isteach sa tig chúcha agus dubhairt sé le Cáit a bpósadh sí buachaill tímpeall fiche bliadhain d'aois agus dubhairt Cáit ná raibh a fhios aice chad a dhéanfhadh sí ach fiafruighe dá Mháthair agus pé rud a déarfhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85