Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do chuireadar isteach i bpríosún é. Ansan do bhídís dhá fhiafhruighe dhe gach lá ar mhairbh sé an chailín ach ní thabharfadh sé aon fhreagra ortha.
Tar-éis trí mí mó mar sin do thug an bheirt fhear fé ndeara go raibh deich púint imthighthe uatha. Do chuaidh an bheirt fhear go dtí na píléirí airís agus d'ínnseadar dóibh mar gheall ar an deich bpúint.
Do chuaidh na píléirí go dtí an phríosún agus do dheineadar an [?]bachach do chuardach agus do fuaradar na deich bpúint istig ina stoca. D'fhiafhruigeadar de cá bfuair sé na deich bpúint agus dubhairt sé go raibh sé sin aige i gcómhnuidhe.
Ansan do bhaineadar de é agus do thugadar do'n bheirt fear é. Ansan ní raibh a fhios ag na píléirí chad a dhéanfhaidís leis féachaint a gcrochfhaidís é nó a leigfhidís saor é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85