Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0546
- XML “An Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)capall. Nuair a bhíodar imthighthe thar an Droichead cuaidh sé in áirde ar an gcapall agus do ghluais sé go breágh go dtánagadar abhaile. An oidhche sin buaileadh an inghean breoidhte. Lá'r na mbhárach chasadh Connie na bPúcaí air agus dubhairt sé leis "Á do baineadh preab asat aréir".
Chuaidh an dochtúir abhaile agus do bhí an inghean marbh roimis. Bhí ana bhrón air. D'osgail sé an ceann agus pé rud a bhí uirthe is sa cheann a bhí sé agus dubhairt sé sábhálfad aon píosa snaoise amháin í.
Cúpla mí 'na dhiaidh san bhí an dochtúir ag gabháil thar an droichead agus chonnaic sé an bhean airís. Dubhairt sí "Whooper". Dubhairt an dochtúir léi "cad é an an diabhal de whooper atá agat um an taca so d'oidhche". Ó arsise táim ana - bhuidheac díot. Chuireadh de pionós orm-sa fanamhaint annso go labharfhad duine liom agus d'imthig sé as a radharc.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí