Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Scéal - An Fear Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear bocht ann uair agus bhí beirt mach aige agus bhí duine díobh san pósta agus do thárla lá go bhfuair an t-athair bás agus bhí an buachaill a bhí pósta seacht míle agus do chaithfheadh sé dul go dtí an socraid agus do chuaidh sé go dtí an tig agus bhí sé ana bhrónach agus do bhí an oidhche ag tuitim air nuair a bhí sé ag teacht go dtí an tig do chonnaic sé a athair agus é ag cainnt leis agus bhí eagla ag teacht air mar cheap sé go raibh a athair tar-éis teacht ar an saoghal so airís.
    Do bhí capall agus cárr aige agus do stad an capall agus é ag cur alluis agus do léim sé amach as an ceárr agus má dhein do léim an t-athair amach na dhiaidh na theannta agus ní radhadh an capall do.
    Do chuir sé a lámh ar an srian agus má dhein do chuir an athair a lámh air an srian cómh maith agus ansan do thosnuig an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chatasaig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Faisnéiseoir
    Pádruig Uí Chéilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    32
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí