School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear bocht ann uair agus bhí beirt mach aige agus bhí duine díobh san pósta agus do thárla lá go bhfuair an t-athair bás agus bhí an buachaill a bhí pósta seacht míle agus do chaithfheadh sé dul go dtí an socraid agus do chuaidh sé go dtí an tig agus bhí sé ana bhrónach agus do bhí an oidhche ag tuitim air nuair a bhí sé ag teacht go dtí an tig do chonnaic sé a athair agus é ag cainnt leis agus bhí eagla ag teacht air mar cheap sé go raibh a athair tar-éis teacht ar an saoghal so airís.
Do bhí capall agus cárr aige agus do stad an capall agus é ag cur alluis agus do léim sé amach as an ceárr agus má dhein do léim an t-athair amach na dhiaidh na theannta agus ní radhadh an capall do.
Do chuir sé a lámh ar an srian agus má dhein do chuir an athair a lámh air an srian cómh maith agus ansan do thosnuig an(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Chatasaig
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Informant
- Pádruig Uí Chéilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork