School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair agus Dómhnall mór a ghlaodhfaidis air. Bhí fear eile ann agus Seán a b'ainm do. Bhí Dómhnall mór pósta is bhí ferim breágh aige in-aice Maghchromtha. Lá amháin bhíodar ag baint móna agus chuireadar fios ar Sheán cun cabhrú leó. Thosnuigheadar ar a seacht a chlog ar maidin agus nuair a tháinig cúig a chlog um thrathnóna ní raibh aon dínnéir ithte acu ná ní raibh aon trácht air.
Bhí Seán ar buille le h-ocras agus bhí sé le rádh le Domhnall mór rud eígin a thabhairt le n-ithe do ach tháinig eagla air agus dubhairt sé leis féín b'féidir go mbuailfheadh Dómhnall mór é.
Tímpeall a sé a chlog um thráthnóna dubhairt Dómhnaill mór le na fir a bhí ag obair do go raibh ana ocras tagaithe air féin agus gur dócha go raibh ocras ortha leis. Dúbhradar go raibh ocras ortha mar ná raibh pioc le n-ithe acu ó seacht a chlog ar maidin. " Fé dheire chuadar isteach abhaile agus(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Informant
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 63