Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 035
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chuaidh an máthair suas chun glaodhach ar an dtighearna talmhan.
Nuair a oscail sí doras an seomra codlata agus nuair a chonnaic si Tomás istig sa leabaidh do thuit sí i bhfanntas nách mór.
Nuair a tháinig sí chúichi féin do chuaidh sí síos an staighre agus níor fhéad sí labhairt. Dubhairt Tomás le na mhnaoi eirighe agus dul sios sa chistin.
D'eirigh sí agus do chuadar síos an staighre le cois a chéile. Bhí breicfeast maith sa phárlús ullamh i gcóir an bhean uasal.
Nuair a chuadar síos do ghlaoidh Tomás ar a athair is ar a mháthair agus dubhairt sé le na mháthair "caithfidh tú suidhe síos um aice beidh breicfeast againn go léir i dteannta a chéile."
I gcaitheamh an breicfeast d'innis(leanann ar an chéad leathanach eile)