Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do bhí droch bhean aige, nár thug sí urraim ná onóir don sean duine. Do bhí sí go maith ar dtúis mar do shíl sí go raibh airgead aige.
    Nuair a fuair sí amach ná raibh aon airgead ag an sean-duine do thosnuig sí a' tabhairt gach aon easonóir agus gach tarcuisne a fhéadfadh sí don sean-duine bocht.
    Do bhí cómharsa na chómhnuidhe i n-aice leó, agus do bhí sé ana mhór leis an sean-duine. Aon lá amháin bhí sé a' cainnt leis an sean-duine agus d'fhiafruig sé de conus a bhí an saoghal ag eirighe leis.
    "Níl saoghal madra agam " arsa'n sean-duine bocht agus bhí deora le na shúile. "agus cad é an chúis atá acu leat?" arsa'n fear eile.
    "Tá agus cúis a ndóthain arsa'n sean-duine, mar níl aon airgead agam le tabhairt dóibh". "Déanfad-sa é sin go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge