Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 134
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    San t-sean-aimsir bhí smacht dian ag gach athair agus máthair ar a gclann.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    oidhche - mar nuair bhíodh meithealacha lín ag dhaoinibh fadó d'fanach na cailíní agus na mná a bhíodh ar an meithil tamall de'n oidhche, thagadh na buachailli san gcómharsanact isteach agus bhíodh caitheamh aimsire acu go dtí a deich a chlog - caithfheadh muinntir an tíghe i thionnlach abhaile. Ach mar a mbíodh na buachaillí agus na cailíní ag suirighe bhíodh cuid aca "ag caitheamh i ndiaidh chéile" ach ba bheag an cabhair dóíbh é mar sé an fear a phósadh gach cailín an uair úd ná an fear do thoghadfeadh a h-athair di. In aimsir na h-Inide do phóstaí gach duine cead bliadhain ó sin agus ní phósadh éinne acht an té go ndeineadh a n-athaireacha agus a mathaireacha cleamhnas dóibh. An Domhnach i ndiaidh i ndiaidh lae coille deirtí go mbíodh na h-óganaig ag piochad na bhfallaí agus seactmhain ó'n lá san isead air a tugtar nó a glaodhtar Domnach feach suas. Is mar seo d'airigheas fear d'arb ainm do Concúbhar Ó Cróinín 'gha mhiniúghadh san. Dubhairt sé go dtagann mar a bheadh galar dóghach ar na fearaibh an t-seachtamhan tar éís na Nodhlag Mór, agus seactmhain na dhiaidh san go mbíonn giodam ag teacht ionnta.
    Ó'n gcéad lá de'n Inid bhíodh a shúil inairde ag gach éinne feacaint an gcloisfhidis éinne ag déanamh cleamhnais agus tar éis beannúghadh dá chéile d'aon bheirt do bhuaileadh uime chéile bé an chéad cheist do cuirfí ná - "Ar airighis éinne ag deanamh cleamhnais
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge