Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 097
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dhócha bhí a lán daoine sa pharóisde seo...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Gealbháin dob eadh é. Geabháin na gCearc an leas ainm do bhí air agus bé an cáréiridhe é do bhí ag na bodairí seo do bhí ag tógaint agus ag díol na gcorp. Is minic leis d'airighinn sean-daoine an ghleanna - mo athair agus daoine mar é - ghá rádh ná féádfhadh éinne teact in aon acamaireact do Ghealbháin san t-séipéal - aon Dómhnac go mbíodh sé de mí-ádh orra bheith le n-ais go gcaithidís gabháíl amach sar a mbíodh an t-Aifreann críochnuighthe mar ná feadfhadh éinne an baluighthe do bhí uaidh do sheasamh. Bhíodh ná píléirí ag faire féachaint an mbearfhaidís orra acht bé Donnchadh Ó Croínín agus fó-dhuine eile mar é do chuir stop leis an obair. Bhí Donnchadh na cómhnuidhe ar an nGleann-Craobhach (Gleann Craoch) agus tá a mhac i gCúm-Liath mar phríomh-oide anois. Ó'n mBarrlínn dob eadh é agus Donnchadh Beag Mhurtaí do thugadh a chómhnaosaí air. Nuair do cuireadh a athair Sean - Mhurtaí Ó Cróinín do chaith Donnchadh Beag gach oidhche ar feadh trí seactmhaine istig san reilg le gunna ag faire na h-uagha agus mo thruagh-sa an té do theangmhóchadh leis. As san amach níor tógadh aon chorp. Do h-innseadh dom leis ainmneacha a ndaoine go raibh an ceárd san acu ach ós rud é go bhfuil clann a gclainne (?) na gcómhnuidhe sa pharóisde fós. Is fearr gan na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge