Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 046
- XML “An Gadaí Glic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)baint uaidh féin go mear nó a bhóthar do tabhairt air. Níor mhaith léi é sin do dheanamh toisg ná raibh ag á athair acht é agus fhios aice leis nár mhaith leis an tathair scaramhaint leis. Ach sa deire do bhris ar an bhfoidhne aice agus ghearán sí é. Bhí an duine uasal ar dearg-bhuile nuair d'innis sí do na clis do bhíodh ag Seán 'gá imirt uirrí.
Níor theastuig uaidh act go ndeanfhadh duine éigin gearán air i dtreó go dtiomáinfheadh sé é chum siubhail. amach as an mbaile, mar bhí na bláthanna ag imteacht as an ngáirdín, na hubhla ag imtheacht as an allórd (ubhallghort); neithe eile leis ná raibh aon fhagháil orra agus bhí amhras aige ar Sheán gur b'é abhí á ngoid.
Seadh chuir sé fios an athair Seáin agus nuair tháinig sé chuighe dubhairt sé leis go rabih an mac san a bhí aige láidir a dhóthain chum a phágh lae do thuilleamh agus do gcaithfeadh sé glanadh leis féin as an áit nuair ná ceapadh sé a shuaimhneas. D'írig an tathair boct ar ghol agus dubhairt go raibh an garsún óg fós; 'gur dheacair ceann críona do chur ag ghualaibh óga'; go dtiocfhadh ciall le aois, go raibh an créatúirín ró óg chum é chur ag tuilleamh a pháidh fé lámh an stróinséara agus a lán eile.
Ach bhí se socruighthe 'na aigne ag an nduine uasal go gcaithfeadh Seán imtheacht pé áit go dtabharfhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)