Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 371
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí seana bhean fadó ann agus bhí sí ana chríona...”
Bhí sean bhean fadó ann agus bhí sí ana chríona agus Síle Ní Ghadhra an ainm a bhí uirthe. Bhí búachaill óg aice darb ainm Pádraig Ó Gadhra. Chúaidh Pádraig ar an dtráig lá ag piocadh míabháin agus cnósaig mar ní raibh aon nídhe le n-ithe aige ná ag a mháthair. Do casadh bean sídhe leis agus í ag cíoradh a ghrúaige. Do bhí brat draoidheachta bainte leathaoibh. D'imthig Pádraig leis an mbrat abhaile. Do lean an bhean sídhe é chun a thíghe mar ní fheadfhadh sí imtheacht chun na fairrige gan é. Do chaith Phádraig an brat súas ar an lochta agus d'fhan sé ann ar feadh blíana agus lá. Do bhí an bhean sa tig i gcómhnuidhe agus lá chúaidh Pádraig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Conchubar Ó Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Both Chearnaigh, Co. Chorcaí