Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean bóthar na Gaibhle ceann des na seana bóithre a bhí ann fadó agus bóthar ana crosdála abeadh é. Thógaidís cómh cómhgarach é agus b'féidir leó é. Bhí so mar bóthar ag gábhail aníar tré Móitín Sodair agus as san go Cúranail, aníos tríd an Mháim agus síar tré Bun na Failleacha dubha agus bhí tig táirrne id san agus bhíodh páitrún ann gach aon tráthnóna Dé Domhnaig ag rinnce agus ag ól agus ag amhrán. Do bhailigheadh na daoine ós gach aon bhall ann. Gheóbaidís boitáille ar réal an cháirt agus sé an áit a beadh san ná ar dhruim Magainagáin ar an sean bóthair agus sin é an bhóthar go ngabadh an post fadó agus bean a bhí ag tabhairt an phuist léi an úair sin gach aon oidhche. Cúpla blían 'na dhíaidh sin do bhí fear ag tabhairt an phuist leis agus do bhí capall diallait aige.
Sé an bóthar a bhí ag muinntear an Ghleanna Ghairbh na seana bóthair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí