Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má fhásann adhbhar ar a mbíonn deallramh ime ar adhmad is amhlaidh atá duine éigin ag imirt piseog ar an nduine a gheibheann an t-adhmad san. Raghaidh dá dhícheall cuigean do dhéanamh. Déanfar gruth den uachtar, agus ní thiocfaidh a thuille atharrú air. Lá Bealtaine: Lá Bealtaine ní ceart bainne do thabhairt d'éinne go mbeadh buidéal dubh aige. Má tugtar an bainne dhó ba cheart pins salainn do chur ann, agus cuirfidh san an phiseog ar neamh-bhrígh.
Oidhche Bhealtaine ba chóir uisce coisreacan do chrothadh ar thigh an bhainne agus ar árthaí an bhainne mar chosaint ar phiseoga Oidhche Bheataine.
Ní maith an comhartha é girrfhiadh d'fheiscint i measc na mbó Oidhche Bhealtaine ná lá Bealtaine.- Bailitheoir
- Máire De Tóibín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hAnnracháin
- Inscne
- Fireann