Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
- XML Leathanach 152
- XML “Luibheanna agus Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Lus na gCnámh: (Comfrey) An luibh seo do bheiriú, ceirín de dhéanamh dhi, agus í chur ar chois leointa, nú ar aon chuid eile don chabhail a bheadh leointe.
2. Miont Fiadhain: (Mint) Do bheiriú agus an t-uisge a scagadg i soithigh eigin agus é ól. B'in leigheas ar thinneas goile.
3. Ruithéal Ríogh: (Herb Robert) Leighisfeadh té déanta den luibh seo bbreoidhteacht ae.
4. Biolar Trágha: Té do dhéanamh leis an gcarrán bú biolar tragha (Scurvy grass) agus é ól. Leighiseann sé dathacha.
5. Cluas Liat: (Coltsfoot) Té d'ól a bheadh déanta de'n eidhean nú cluas liath, leighiseann sé aidíd na seamhóg.
6. Bruitíneach: Aoileach na gcaorach do bheiriú i mbainne agus an deoch d'ól.
7. Losca: Ceirín de bhualtraigh do chur ar an áit loiscithe.
8. Craosgalar: (Thrush) Duine d'fhághail a béarfaí t'réis báis a athar agus anál an duine sin do shéide seacht n-uaire(leanann ar an chéad leathanach eile)