Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)

Suíomh:
Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. Áilbe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0308, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0308, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Cliodhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Cliodhna, bainrioghan sidhe na Mumhan, in a comhnuidhe ar charraig ar a dtugtar Carraig Cliodhna. Bhí fear darbh ainm Seán Seamus in a chomhnhuidhe sa comhursanacht. Lá amháin bhí Seán ag rinnce le n-a lán daoine eile ar an bPatrún in "Abha na h-Inse". Tháinig Cliodhna agus thóg sí Seán agus do choimeád sí le lá is 1 bliadhain é. Do leigeadh sí abhaile é anois is arís ámhthach chun a mhuinntir d'fheiscint. Lá dá raibh sé sa bhaile dubhairt fear feasa leis leigint air go raibh sé an-ceanamhail ar Cliodhna mar go marbhóchadh sí é dá mbeadh sé feargach léi. Bhí mermaid an-cliste in a comhnuidhe in iarthar na h-Éireann, agus tháinig sí ad'iarraidh ar Cliodhna Seán Seamuis do leigint amach. Ar theacht go Carraig Cliodhna di, arsa sí. "Go mbeannuigidh Críost féin duit. Leig amach Seán Séamus, tá sé lá is bliadhain agat." Arsa Cliodhna. "A rhuidín grána, níl sgáth ón gréin ort féin nó inghean leat. Ní leigfead Seán amach go dtí go bfaighead -
    Cuig céad gabhar de gabharaibh maola,
    Cúig céad asal gan aon crios céasta,
    Cúig céad sovereign de phiosaí raolach
    Tabhair dom an méid sin nó beidh Seán Féin agam."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mionacáin
    Inscne
    Baineann